← "Muise is duine gan ríocht thú más é Caoilte Mac Rónain an duine is fearr atá agat", arsa an Bodach, "ach dá nglacfá liomsa chloífinn duit é". 🔊
← "Is dóigh liom go bhfuil do dhóthain le déanamh agatsa do chóta, do bhróga is tú fhéin a iompar gan dul i gcomórtas le héinne eile", arsa Fionn, "ach más maith leat ábhar gáire a thabhairt dúinn, seo leat". 🔊